Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 195
- XML “Triopall Treapall”
- XML “Maitín Buí”
- XML “Goid an Láir Bhán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Triopal Treapal:-
Bíonn rud éigin ‘na láimh ag gach éinne sa rang. Seasuigheann páiste ar aghaidh an ranga agus deireann “Triopal Treapal, carraig a rascail
An mó mac atá ag an Rí
Mac indiu mac indé
Duit se dul go cúl an tighe”
An duine go críochnuigheann sé leis tugann sé pé rud bhíonn aige don duine i n-aice leis agus imthigheann thar doras amach. Cuirtear san i bhfolach air. Tagann isteach agus deireann “Bhfuil an císte ag bácáil” Deirid “Tá le fada.” Nuair is gar do é Deirtear á threórú “Fallaí teó is annsúd tá sé ag bácáil acht má bhíonn i bhfad uaidh deirtear “Fallaí fuara ní annsúd atá an císte ag bácaáil” leis an treórú aimsigheann ag deire. - 11. Maitín Buidhe:-
Beirt i bpáirc agus maide beag an duine aca. Maide ‘na sheasamh eatortha. Iad araon ag caitheamh leis agus an duine leagann é bíonn ar an duine é iomchur ar a dhrom turas. - 111. Goid an Láir Bhán
Cadhrán ag dall dá chosaint le maide agus so dá ghabháil aige
“Goid, goid an láir bán
Níor goideadh fós an láir bhán
D’fhág sí an tsrathar, an tama agus an tiarach
Ó bhóthar bhuidhe an bheaduidhe go doras tighe an ghaduidhe”
Agus nuair deirtear leis “Goideadh í” Leanann le súile oscailte agus deireann(leanann ar an chéad leathanach eile)