Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 157
- XML “Scéal Faoistine”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal FaoistineFear a bhí ann fadó agus do ghuid sé muc ó dhuine des na cómharsanaibh. Ón aonach a ghoid sé an mhuc. Bhí an sgéal go maith aige gur cuimhnigh sé ar dhul chun faoistine agus bhí eagla a chroidhe air roimis an sagart go marbhóchadh sé é. Bhuail sé isteach sa bhosca chun an t-sagairt agus do thosnuigh ar a sgéal a innsint do - na mion rudaí ar dtúis mar a deineann na h-aoinne. ‘I gceann tamaill’ ar seisean leis an sagart. “Do ghoideas súgán, a Athair.” Scaoil an Sagart leis agus i gceann tamaill eile dubhairt sé an rud céadna. “Dhera má dheinis féin” ars an Sagart “níor mhór an díoghbháil é sin.” Dubhairt sé an rud céadna an tríomhadh uair. “Dhera greada chughat, nár innsis é sin dhá uair cheana dhom” ars an Sagart. “Á” ars an fear “bhí muc i n-achrann i gceann de tá’s agat.”
(gan teideal)
“Tá cois abhann síos ann Agus cois abhann aníos ann...”
Máire Ní Dhuibh adubhairtTá cois abhainn síos ann
Agus cois abhainn aníos ann
Foithin an lae fhuair
Agus fionnfhuar an lae the (acht do fhreagradh í mar leanas)Tá bascadh na lár
Agus bád ‘na bhun
A chúl sa ghréin
Agus a aghaidh sa t-sioc- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhuibh
- Inscne
- Baineann