School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 221
  3. XML “Luibheanna agus Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    raibh cómhnuidhe uirthe i gCill-Mhic-Iarainn i bParóíste na Dromaide. Do cuireadh an máchail ar an mnaoi seo oidhche éigin gur éiurigh sí as an leabaidh chun a cuid éádaighe do thabhairt isteach ó'n bfluichras. Níl sé de ceart ag duine éádach a thabhairt isteach tar-éis tuitim na h-oidhche dar le na seanóírí. Go deimhin bhí aos maith ag an oidhche nuair do chuaidh sí sin amach. Dubhairt Seán na bPúcaí léi, go raibh sé feín agus cuigear de's na bpúcaí ináirde ar cruaich móna a bhí istigh sa tigh aice, nuair a ghaibh sí amach. Dubhairt na bpúcaú go gcaithidís móín léi ach dubhairt sé féin gan é dhéanamh agus chuireadar an tinneas uirthe annsan. Bhí sé breóite i bhfad sar a raibh aon nídh d'á thuairisg ag Seán na bPúcaí. Annsan chuaidh sé fén a déin agus do leighisigh sé í. Bhain sé seacht scillinge dhe agus mhínighsé dí connus mar tháinig an tinneas uirthe.
    Leigheas do leanbhaí do b'eadh é seo, sé sin iad do chur fé caise uisge gach maidin de naoi madiineacha. Do bhí sé d'fhiachaibh ar an "ndochtúir" agus ar an leanbh bheith ar ciallachtan. Da lasadh an leanbh e sin dá n-iomódh sé dearg, bheadh dóchas go dtiocfaidh an leanbh as a thrioblóíd. Deirtear go bhfuil an-leigheas i bhfuil Bhreathnaigh. Bhí fear darb ainm do Seán Óg Breathnach in-a chómhnuidhe i Rinn Áird le h-ais Cathair Saidhbhín roinnt bliadhan ó shoin, ag déanamh leighis mar sin le na chuid fola. Is amhlaidh a thagadh fuil chuige nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Language
    Irish