Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tímcheall cúig blian is dathad o shoin bhí áthrach seol idir ceann Brí agus Sgeilg caithte annso is annsúd ag an ngaoith agus ag an bhfairrge. Nuair a chonaic na daoine an slíghe na raibh sí caithte cheap siad go raibh rud éiginn bun o’s cionn léi.Chuaidh siad amach maidin amáireach idtreó na loinge ach bhí an fairrge ró shuaidhte agus béigeann dóibh foithin do thógaint ar feadh tamaill feuchaint cathain a chiúinfheadh an fhairrge.Nuair a bhí an tráthnóna ag teacht do chiúinigh sí agus chuadar go dtí an áthrach. Nuair a shroiseadar an t-áthrach ní raibh aon máirnéalach ar bórd ach gadhar fiadhaine.Dúbhairt beirt fear go raghadh siad ar bórd mar go raibh an chriú báidhte . Bhíodar ar a ndícheall chun dul inaice léi acht bhí eagla ortha go mbrisfeadh an fhairrge an bád beag.Chonnaic siad téad ag crochadh ó thaobh na loinge. Rug siadar sin agus annsan bhíodar ábalta ar dul isteach. Tháinig an oidhche acht má tháinig ní raibh na fir a bhí ar bórd na loinge ábalta ar dul arís go dtí a mbád beag agus b’éigeann dóibh fannacht ann i rith na h-oidhche.D’imthigh an bhád beag abhaile agus chuaidh ceann aca go dtí na gardaí agus d’innsis sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Chúipéir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Beag, Co. Chiarraí