Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 214

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 214

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 214
  3. XML “File”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear 'na chómhnaidhe i gCurrach Beag tímpeall céad bliadhan ó shoin. Bhí sé ana mhaith chun cártaí d'imirt, agus do bhíodh sé amuigh deunach á n-imirt.
    Bhí sé ábalta ar saghas diabliachta a dheunamh, agus deirtí go raibh cómhact an diail aige. Mar sin ní raibh aoinne ábalta ar buadhchaint air.
    Fuair cómharsa éigint bás, agus deirtí go gcídhtí í tímpeall na h-áite deunach san oidhche.
    Bhí an fear seo ar súil le buailte leí i gcómhnaidhe agus bhuail sé leí oidhche amháin sa deireadh.
    Dúbhairt sí leis go gcaithfeadh sé dul leí féin. Dúbhairt sé go raghadh sé leí ar choinghíol go mbuadhfadh sí air ag imirt cártaí.
    Chuadar abaile, agus thóg sé na cártaí amach as a phóca, agus thosnuigheadar ag imirt.
    Cheap sé ná bheadh aon trioblóíd aige chun buadhchaint uirthe, ach do bhí sí sin ró maith dhó agus do bhuaidh sí air.
    Bhí sé i gcruadhcás annsan agus ní raibh fhios aige cad le deunamh.
    Saghas file dob eadh é agus thosnuigh sé ag deunamh filigheachta agus a moladh. D'fan sí go dtí tarna glaodhach an choilligh agus d'imthigh sí annsan.
    Do dhein sé píosa filigheachta 'na dhiaidh sin mar gheall uirthe agus sin bhéarsa de.
    "An t-aon mar a thugas
    leis an gcuireata bhuiadh sí é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Loingsigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Concubhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Comhartha Mór, Co. Chiarraí