Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Féilí na bliana
Fadó do bhíodh sean nósanna ag na daoine mar geall ar laetheannta fé leith i rith na bliana; cur i gcás Lá Naoimh Stíopháin, Lá Fhéile Bhrighide, Máirt Inide agus alán eile.
Do théigheadh gasra daoine ó thigh go tigh ag lorg airgid, Lá Naoimh Stíopháin. Do bhíodh siad ag rince agus ag seint in gach tigh nách mór agus do bhíodh ana spórt acu.
Do théigheadh siad amach leis le brídeóg ag lorg airgid ó thig go tigh istoidhche Lá Fhéile Bríghde.
I Máirt Inide do bhíodh an lá deirneach san inid a bhíodh siad ag posadh. An oidhche sin tímpeall a deich a chlog nó mar sin.
Do bhíodh morán díobh á phósadh an uair sin, agus do bhíodh dalóga ar na fuinneógaíbh chun soluis Céadaoinn Luaithrighe do choimeád amuigh.- Bailitheoir
- Brighid Ní Chúipéar
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Fáilghe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Beag, Co. Chiarraí