Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Leathanach 141
- XML “Pósadh”
- XML “Carraig an Aifrinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chun solas lae Ceadaoin Luaithrí do choimeád amuigh.Dá bpósadh aoinne san séipéal, ag teacht ó’n séipéal bhíodh siad ag rás le cairteanna cliathánacha in áiteanna eile ach ní raibh siad san acu in aon chor annso ach bhíodh siad ag caitheamh páipéirí daithte leó, agus mar sin bhíodh spórt mór acu.
- Carraig an Aifrinn.
Tá carraig i mBaile na Mánach go dtugtaí air "Carraig an Aifrinn" mar is ann a léightí an t-Aifreann le linn na bPéin Dlíghthe.
Bhí casán fé talamh ag dul ó'n áit sin go dtí Carraig Liath, agus bhí saghas áltóir i gCarraig Liath ar a léigheadh an sagart an Aifreann leis.
Do thagadh na daoine ó'n gCalladh isteach go dtí an t-Aifreann i gCarraig Liath uaireanta.
Do bhíodh spiaraí i gCúm an Easpuig, agus in Eocán ag faire ar na sagairt, agus do scéigheadh siad ortha.
Do théigheadh na sagairt i bhfolach imeasc na gcarraig, agus do theipeadh ar na namhaide breith ortha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí