Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Leathanach 091
- XML “An Spealadóir Mór”
- XML “Fear Léime”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhain sé an méid féir san lá san is do dhein an bhaintreach i gcómhair an gheimhridh agus 'n deireadh na bliana do dhíol sí an méid is a dhíol an cíos di.
- Bhí sagart ann fadó agus an tAthar Ó Súilleabháin do’b ainm dó, agus bhí sé 'na chomhnaidhe i gCarraig Liath. Oidhche amháin tháinig glaodhach dó chun dul agus na sacraimíntí deirneacha do thabhairt do dhuine breóidhte.An uair sin ní raibh aon gluaisteáin ann fé mar atá anois. Annsan do thóg sé an chapall agus do chuir sé an ialait air, agus do chuaidh sé in-áirde ar an gcapall.Nuair a bhí sé ag dul b’éigean dó faill do léimint, agus do tháinig sé anuas de’n gcapall agus dúbhairt sé leis féin go raibh sé trom, ná bheadh an capall ábalta ar an bfaill do chur de. Do chonnaic sé rud bán ar thaobh an chlaidhe agus annsan do chuaidh sé suas arís ar an gcapall agus ní raibh sé acht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Mhurcadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séarlas Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí