Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aimsir na Géar Leanamhna.
Fadó nuair a bhí na bPéin Dlighthe in Éirinn b'éigean do's na sagartaibh Aifreann do léigheadh ins na gcoilltibh agus ar na chnocaibh agus tá comhartaí i gcuid des na háiteanna ríamh ó thoin.
Bhí sagart amhain ins an áit seo agus an ainm a bhí air na tAthar Ó Néill agus ní raibh cead aige Aifreann a rádh in aon áit mar bhí daoine ag scéith air.
Bhí áit beag ar an dtaobh thuaidh de Cúil inaice an chnuic agus is ann a bhí sé ag léigheadh Aifrinn i gcomhnaidhe. An Altóir a bhí aige a beadh dha cloich mór agus iad ag seasamh suas agus leach mór treasna ortha.
Domhnach amháin bhí sé ag léig Aifrinn agus thánaig na namhnaidhe agus nuair a chonnacadar an sagart do chuaidh siad suas go dtí an áit agus nuair a chonnaic an sagart iad níor dhein sé aon rud acht dul fé an lic agus dúbhairt sé paidir.
Nuair shrois na namhnaidhe an áit do chuarduigheadar gach áit agus d'iarradar ar na daoine bhí ann cá raibh an sagart agus dúbhairt siad na raibh sé tagaithe.
Do chuir bean éigin a failng tímcheall na lice agus do shábháil sí an sagart agus do thug an sagart a bheannacht di agus dúbhairt sé leí gur ar son Dé a dhein sí é sin agus bhí gach aoinne buidheach di.- Bailitheoir
- Máire de Burton
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Concubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Gairm bheatha
- Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí