Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Leathanach 181
- XML “Tobar Beannaithe”
- XML “Lá Féile Naomh Sheáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fós 'na sluaghtaibh chun leigheas d’fághailt ann.Siad na láethannta is gnáthaí a téigheann siad ann nuair a bhíonn siad ag deanamh turas trí lá ná De haoine, Dé Satharn is Dé Domhnaigh
- Bíonn lá fhéile Seáin ar an fíche ceatharadh lá de mí an Mheithimh agus an tráthnóna roimis sin deineann na daoine teinte -cnámh in onóir Naomh Sheáin.Tímcheall seachtfó blian ó thoin do dhein roinnt daoine i bhFiadhachmeadhon teine cnámh agus bhí páistí ag súgradh inaice leis an dteine agus bhí dhá cailín ann ceann díobh dhá bhlian agus an ceann eile trí bliana agus ní raibh aon chiall ag aon ceann díobh agus bhíodar ana chómhgarach leis an dteine ar fad agus bhí an bheirt acu ag súgradh leó féin.Bhí an ceann aosta ag caitheamh an leinbh eile isteach san dteine mar dheadh agus do sleamhnuig sí uaithi agus do thuit sí isteach san dteine agus annsan do thosnuig an bheirt aca ag béicig agus do rith na paistí eile chúcha agus annsan na daoine aosta.Bhí an bheirt aca san dteine mar bhí ceann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caol, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Oibrí iarnróid (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caol, Co. Chiarraí