Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scoil Scairte.
Timcheall ceud bliain tháinig fear, Seán Máighistir a ghlaodhaidís air, Ó Co. an Cláir go dtí an oileán seo ag múineadh scoile scairte i gCurrach Beag.
Scoláire bocht do beadh é, do théigheadh sé gach re seachtmhain le cois na scoláirí chun é bheathú.
Bhí sé ag múineadh Gaedhlainne dóibh .Ní raibh sé ábalta ar an Bearla do mhúineadh dóibh mar ní raibh aon focal de acu.
Ní raibh aon plean aige chun iad do bhriseadh ó an nGaedhluinn acht slat do thabhairt do cheann de's na scoláirí.
Do bhíodh sé sin ag éalódh ó dhorus go dorus agus a slat aige feuchaint a gcloisfeadh sé aoinne ag labhairt Gaedhlainne.
Bhí na botháin chómh h-omadúil san ná raghadh sé i bhfad nuair a chloiseadh sé ceann de's na scoláirí ag labhairt Gaedhluinne.
Do chaitheadh sé an slat chuige. B'éigean dó san an slat do bhreith leis go dtí an scoil arís an chead lá eile agus do bhí ar an mbuachaill sin an obair céadna a dheanamh arís agus a dhein an chead cheann agus mar sin a bhí.
Ní raibh aon bhínnsí ná cathaoireacha ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Chúipéir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Beag, Co. Chiarraí