Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cúpla tobar ins an oileán seo, acht an ceann is táchtaí díobh go léir is eadh ceann atá imeasg portaighthe Imleach ar an dtaobh thuaidh de’n oileán. Tobar Naomh Bréannáinn a tugtar air.Is suimeamhla an sgéal é; an sgéal mar gheall ar an slíghe go bhfuair se an ainm. Is amhlaidh gur tháinig Naomh Bréannáin ó’n Daingean i dtír ar an dtaobh thuaidh, agus ar theacht i dtír dó ní raibh sé ábalta ar dhul go barr na faille. Go háirithe thosnuigh sé ag dreapadóireacht suas; nuair a bhí sé leath slíghe ar a dhreapadóireacht sleamhnaigh sé agus chun é féin do cosg ó thuitim, do rug sé ar carraig agus do shaoraigh sé é féin. D’fan rian a mhéaranna ar an gcarraig, atá le feiscint fós.D’eirigh leis barr na faille do bhaint amach. Ar bheith ar thalamh tirim dó thug sé a bhuidhceas do Dhia. Thosnuig sé ag dul treasna Imleach, agus chonnaic sé triúr ag fághailt báis.Le na linn sin níor dhein sé rud acht paidreacha a rádh agus chomh luath ‘is a bhí siad ráidhte d’eirigh sruth glan uisge suas; bhaistigh sé an triúr de réir ar sean sgéalaidhe tá siad curtha in aice leis an dtobar.Deireann na sean daoine gur tobar ana mhaith é. Go háirithe téigheann na daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Chúipéar
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Fáilghe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Beag, Co. Chiarraí