Scoil: An Chathair Gharbh (uimhir rolla 13896)
- Suíomh:
- An Chathair Gharbh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Criostóir Ó Dubhghaill

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0277, Leathanach 301
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Conas a Fuair Dúthaigh Bhéarra a Ainm
“Ba cheart dúinn go léir ana shuim do chur i stair ár dúthaighe féin, pé beag mór í”
Seán Ó Suilleabháin, Fuithir, Cathairgarbh
Fuarathas an mhianach ó Ellen Murphy a shean-máthair - aois 80 bl.
Ba cheart dúinn go léir ana shuim do chur i stair ár dúthaighe féin, pé beag mór í.Cionus a fúair dúthaig Bhéarra a h-ainm? De réir na sean daoine bhí Mach Eóghain Mhóir -adgath Chuinn Chéid-Chathaigh in a oifigeach in airm na Spáine agus bhí inghean ag rí na tíre sin darb ainm dí Béarra. Thug sí grád do'n oifigeach agus d'éaluigh sí leis go h-Éirinn. Nuair chúala an rí cad a thárla bhí sé ar buile agus cuir sé cabhlac in a ndíaidh. Tháinig airm an ríogh súas le Mac Eóin Mhóir ag Ros Mhic Eóin agus troideadh cath ann. Fúair an bhanflaith, Bearra bás de'n chrúadhtan agus níltear cínnte cár cuireadh í. Deir cuid de's na sean daoine gur cuireadh í i "gCúm" 'ar an dtaobh thúad de Árd na Sgéac. Ac de réir daoine eile is in aice le Cíll Mhic Eóna a cuireadh í i sean roilig atá ann agus deirtear leis gur i gCill Mhich Eóin a tugadh an cath.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Fhoithir, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Ellen Murphy
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80