Scoil: An Chathair Gharbh (uimhir rolla 13896)
- Suíomh:
- An Chathair Gharbh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Criostóir Ó Dubhghaill

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0277, Leathanach 308
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Taobh thúaidh de Bhaile Chaisleán tá bóthar ag dul go dtí an paróiste ó thuaidh. In áit amháin teigheann sé tré mhám idir Slíab Miscais agus Cnoc na Fiolar agus tugtar "Beal na Leabthan" ar an chuid sin den bóthar. Ar an taobh thíar de Cnoc na Fiolar ar thaobh an bothar ta carrig ann ar a léigheadh sagart an tAifreann in aimsear na bpéin dlíghthe. Bhí sagart ag léigheamh Aifreann ann lá amháín agus i lár an Aifeann tháinig na saighdúirí air. Do seas saighduir amháin ar an gcarrig ós cionn an tsagairt agus bhí sé ar tí é do lámhac. Do luig an sagart isteach i gcoinnibh na carraige agus dhruid an carrig roimhe agus leagad an saighdúir agus marbhuigheadh é. Ta cuma dhruim an tsagairt ar an gcarrig go dtí an lá atá indhiu ann. Tá roilig in Cill Catrain agus bhí sean-teampall ann fadó. Tá na fothraca ann fós agus ar bheinn amháín de'n teampall ta crot chaith mhóir ar fhuineóg amhána agus deirtear gurb é sin an fáth gur tugadh Cill Catran ar an áit. Citear gabhlaín móra i lár Oilean Béarra is amhlaidh a bhí fathac ann fadó agus bhí námha aige san áit. Lá amháin bhí sé 'na seasam ar bárr Mhálainn agus connaich se a fhreasbraoidhe istig in Oileán Béarra(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Fhoithir, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Ellen Murphy
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80