Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 359
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear na chómhnuighe sa Fuircéil...”
Bhí fear na chómhnuighe sa Fuircéil agus 'sé ainm a bhí air ná Seán Miner. Do bhí bád seóil aige agus chúaidh sé ag tráchtáil idiir Beanntraighe agus Spáin agus Portugal. Bhí fíon agus tobac aige dhá thabhairt ó'n Spáin. Núair a tháinig sé isteach go Bádh Beanntraighe tháinig Stoirm agus séideadh isteach go dtí an Ghleann Gharbh é agus do bhúail sé ar charraig bháidhte atá sa siúnda bheag ar an dtaobh theas de Ghar-inis gurb ainm do Carraig a' Chóraidh. Do bhriseadh an bád agus bádhadh na fir. Tá cuid acu curtha taobh theas de Ghar-inis agus sé ainm atá air an áit anois ná Portugee. Fúarathas an fíon ar thráigh eile agus is é ainm atá air anois ná Tráig an Fhíona. Shnámh Seán isteach go Tráig a' Ranntaig agus chúaidh sé abhaile. Bhí a mháthair ag rádh paidreacha roimis mar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Cruadhlaoich
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí