Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 378
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Áitainmneacha (ar lean)
“Garraidhe Cam. Mar tá sé ana cham. ...”
(ar lean ón leathanach roimhe)Tug sé leis go Neidín é. Núair srois sé an áit ní fheadfhadh sé teacht anúas, bhí sé ceangailte. D'iomhpuig an chapall tar nais go dtí an pháirc. Do chaith sé an fear anúas ar an bpáirc agus d'fan sé ann go maidin, agus annsan chúaidh sé abhaile. Níor chuir sé puinn suime ar an gcapall a thuille.Áitainmneacha
“Cnocán Donnacadh Chraith. Bhí tig beag aige...”
Cnocán Donnacadh Chraith. Bhí tig beag aige i gcúinne na páirce agus núair a fúair sé bás glaodhadh an ainm sin ar an bpáirc na dhíaidh.
Páirc an Aitinn. Mar núair a chuireadh gardha ann níor fhás aon nídh ann acht aiteann.
Lic a' Chapaill mar gur fúaidheadh capall sídhe ann fadó.
Bogach na Sceach, Mar bhí alán sceach ann fadó.
Páirc na Faille, An Páirc Mhór, An Seana Pháirc, Cnochán Garbh- Faisnéiseoir
- Máire Ni Sheaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mucaire, Co. Chorcaí