Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 409
- XML “Cluichí - Dux Off”
- XML “Cluichí - Apple and Orange”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ó'n gcloich san, ó'n "Granny". Caitheann síad cloch i dtreó an "Granny" agus an té gur leis a' chloch is sia amach úaithe caithfidh sé a cloch féin do chur ar an "Granny". Téighean na daoine eile ansan agus caitheann a i dtreó an "Granny" ad íarraidh an chloch san do leagadh agus bíonn an duine eile á cur súas d'réir mara leagann síad í. Tar éis caitheamh bíonn gach aoinne a d'íarradh a cloch féin do bhreith leis tar nais arís sul a mbearrfaidh an fear gur leis a cloch ar an "Granny" air. Má bheireann caithfidh an duine san a chloc féin do chur súas agus caitheann síad go léir 'na treó arís agus an fear eile na dteannta agus mar sin de.
- Bíonn scata leanbhaí ann agus téigheann beirt leanbh amach ar an úrlár agus beireann síad ar dhá láimh a chéile. Beidh duine acu 'na "ubhall" agus an duine eile 'na "óráiste"(leanann ar an chéad leathanach eile)