Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 427
- XML “Seanfhocail”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sioc is na mná tighe á rád go dtiochfadh an mhin.
Blían le duine is blían na choinnibh
Sagart gan saint ní bhfaigheann ar m'aithinse.
An fear óg an fear dá ndeanfadh an sean-duine an saoghal
Ná mol lúath nó caillfair deirneach
Samhradh réabach agus Fóghmhar gríanach - Núair a bhíonn an bolg lán bíonn na gamhna ag íarraidh súain.
Tá an págh go maith acht is fearr an t-sláinte.
Má's seirbhíseach tú bhí úmhall dod máighistir.
Ní ionann dul go dtí an Baile Mór agus teacht as.
Tosnú maith leat na h-oibre.
Am agus taoide ní fhanfad le aoinne.
Is mairg ná bhíonn sásta len a chuid féin.
An té ná tógann cómhairle gheibheann sé cómhrach.- Faisnéiseoir
- Neil Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Both Chearnaigh, Co. Chorcaí