Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 453
- XML “Scéalta Crábhaidh”
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Lá amháin do chúaid an Mháthair Bheannuighthe isteach sa cheárdcainn agus do bhí bláth bán na loch aice na láimh agus thug sí don gabhainn é chun é chur na chasóig agus dúbhairt sé go raibh sé ró leath lámhach an úair sin agus do rug sé air agus do chaith sé isteach san ngúail é agus tá sé ráidhte ríamh ó sion "Tá dath an ghúail ar an ghabhainn agus dath an bhlátha ar an ngúail." Núair a bhí Ár Slánuightheóir curtha san úaigh tháinig an chiarróg agus do bhain sí greim as agus níor mhaith le h-aoinne an chiarróg ó shion. Tá sé ráidhte ages na sean daoine aoinne a ghearfadh an ceann de le'n a fhiachala go mbíonn seacht peaca marbhachadh acu agus más fíor é is olc soláthar an(leanann ar an chéad leathanach eile)