School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ann fadó. Níor rugadh riamh fear ba mhó dhúil in airgead ná é. Do bhí an t-sainnt na chroidhe agus an doicheall agus an scannradh chun an tsaoghail. Níor thug sé déirc do bhochtaibh riamh. Do bhailig sé a chuid go bocht agus go sprionnlaithe. Do bhailig sé cuid maith de. Do bhí na naoí míle naoí n-uaire aige.
Tugadh breith damanta láithreach ar fhear sin na sainnte, an t-sainnt do dhaor é, an t-sainnt do mhíll é, an t-sainnt do chur go deó in umar na h-aimhléise é. Do ghluais sé fé dhéin lice na bpian, agus níor b'fhada go dtáinig sé ar bhruach abhann Stics. Do ghlaoidh sé ar Conán na Féinne. Tháinig Conán agus a shean-bhád aige, agus d’iarr sé air cad a bhí uaidh. Cad a bheadh uaim ach mé a chur thar abhainn, arsa fear na sainnte.
D’fhéach Conán síos agus suas air. An uile mí-ádh orm-sa má cuirim anonn gan raoll thú ar seiseann. Aidhe mo léir! is cá bhfainnse raol duit ar sé sin. An amhlaidh a mheasfá mé a creacadh Cogar i leith cúgham a Chonáin ar seisean tabharfadh mé tuistún is leath phinge duit. Níl cur síos ar an gcainnt a dubhairt Conán, ach do labhair sé go fóstroch.
Ochón arsa fear na(continues on next page)- Collector
- Nóra S. Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Goirtín na Coille, Co. Chorcaí