School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
![The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 167](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0282%2FCBES_0282_167.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 167
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 167
- XML “Ór i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó, nuair a bhí na tiagharnaí talmhan in Éirinn bhí beirt fhear ag treabhadh i bpáirc tímcheall na h-áite seo in aice áite ina raibh agus ina bhfuil fós cromleac mhór.
Bhíodar ag treabhadh leó, pé in Éirinn é, agus nuair a bhí an páirc geall leis criochnuighthe agus an tráthnóna ag deunamh ortha, cad a eirigheadh leis an bhfód a bhí á threabhadh aca ach, práisléad breágh luachmhar agus an ghrian ag gliniúint ar an ór a bhí ann.
Gan dabht, bhí ana áthas ar na fearaibh ach ní raibh sé ortha nuair a chuimhígheadar orta féin
An uair sin bhí eagla a gcroidhe ar na daoine. Ar eagla go bhfaigheadh tíghearna talmhan na h-áite amach go bhfuaireadar é chuadar chuige ar lán tsiubhal agus thugadar do é. Ghaibh sé a bhuidheachas leó. Bhí nasc an phráisléad briste ach do cuireadh ceann nua isteach ann agus do díoladh ar chúpla míle púnt é.- Collector
- Celestín Ua Ceócháin
- Gender
- Male
- Address
- Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí
- Informant
- Tadhg Ua Briain
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí