School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 238

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 238

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 238
  3. XML “An Fear agus an Bás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Lá amháin cuireadh fios ar Sheán chun duine uasal do leigheas agus gealladh carn airgid do dá neirigheadh leis. Tháinig sé chun na leabthan agus má dhein theasbáin an Bas é fein ag ceann an duine uasail. Do phrioc an tsainnt Seán agus chuimhnig sé ar sheift chun an tairgead do tharrac. "Á" ar seisean "níl an fear bocht san socruighthe i gceart agaibh in aon chor, iompuig a cheann anuas mar a bhfuil a chosa". Do dheineadar mar a cómharligeadh dóibh. Dhein Seán fioghar na croise os cionn an duine breóite. Ní túisge a dhein na deirig mo dhuine cómh slán agus bhí sé riamh agus fuair Seán an luach saothar bhí geallta.
    Ar a shligh abhaile do Sheán bhuail an Bás uime agus é ar buille. Dubhairt sé gur imir Seán cleas grann air acht go raibh deire le na chuid cleas mar go raibh sé fein chun bás d'fhághail. "Ó" arsa Seán "tabhair dom cúpla lá chun go ndearfad mo phaidreacha a rádh agus is feidir leath me bhreith leat nuair a bheidh siad ráidhte agam." "Biodh agat", arsan bás, "gheobhair cáirde cúpla lá."
    Mo chreach, sé an rud a dhein Seán ná dul i bhfollach i náit na feudfaí é aimsuighadh agus fanamhaint ann go ceann trí blian. Ansann cuaidh sé lá chun na catharach agus dól braon. Ar theacht abhaile dho lámhuig an Bás ar mhuinéal air. "Seadh" ar seisean "is mithid dom teacht suas leat acht feuch dá dtéighta isteach san buidéal san ar an mbórd san thall do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0332: Godfather Death
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua hEaluighthe
    Gender
    Male
    Age
    92
    Address
    An Fearann Fada, Co. Chorcaí