School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 327

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 327

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 327
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Thug bodaire do dhuine uasal cuireadh uair dá chomharsanaibh teacht chun dinnéar mar a bhí ollamh aige dhóibh. Bé an ceud bheirt a tháinig na feirmeóir agus a bhuachaill aimsire. Bhí airc ar an mbuachaill chun bídh. Do cuireadh na suidhe chun bhúird iad. Tháinig an cócaire agus chuir sí rómpa ar an mbórd prátaí ar mhéis agus piosa breagh mairtfheóla ar mhéis eile. Ar bhórd beag le hais na beirte leag sí mias eile agus piosa feóla uirti. Sin piosa do chaora duibh i gcóir na cuideachtan tá gan teacht fós ar sise. Thosnuig an buachaill ag grabhas agus ag tormaisg i dtaobh gan an chaora dhubh a bheith aige fein. Tar éis tamaill bhig tháinig an caillín arís agus chuir bradán rósta ós comhair na beirte. D'itheadar. I gcionn tamaill arís thug sí piosa fiadh dóibh agus d'itheadar. Pé rud a tabharfaí do'n bhuachaill ní beadh sé sásta, lean sé ag sior gearán agus ag cnáimhseáil. Bhí fear an tighe ag éisteacht leis agus nídh nár bionghadh bhí se brean de. Sa deire dubhairt sé mar seo:
    "Is mairg na cnuasuigheann ciall,
    Agus na cuireann srian le na ghuth,
    Sar a tháinig an bradán agus an fiadh
    Ba mhaith an biadh é an chaora dhubh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ua Briain
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí