Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)
- Suíomh:
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. De Pazzi
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 001](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0320%2FCBES_0320_001.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 001
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn Oidhche Shamhna againn an lá deireannach de Dheireadh Foghmhair. Bíonn ana spórt againn an oidhche sin. Bíonn bairghín breac ins gach tigh, agus ittear é i gcóir an t-suipéir. Bíonn fáinne, cipín, ceirt, pónaire, agus méaracán ann. An duine a gheibheann an fáinne 'sé is luatha pósfar. An té a gheibheann an cipín 'sé is luatha caillfear. An duine a gheibheann ceirt ní bheidh sé pósta go deo. An duine a gheibheann an pónaire cómhartha é sin go mbeidh saidhbhreas aige. An cailín a gheibheann méaracán is tailliúir a phósfaidh sí.
Cuirtear dhá phíosa adhmaid thar a chéile i bhfuirm chroise, agus cuirtear ubhaill agus coinneall ar lasadh ar gach ra mbheann de'n chrois. Castar an chrois go tapaidh tar éis é do chrocadh as(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí