Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)
- Suíomh:
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. De Pazzi
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scoil na gCeard i gCionn t-Sáile príosúin an bháile a b'eadh í roimh ré. Do cuireadh an príosún ar bun sa bhliadhain 1846 in ionad an príosúin do bhí i Sráid Corcaig, 'sé sin le rádh Caisleán Muintire Deasmhumhan no "Carchar na bhFrainncac." Sar a cuireadh an príosún ar bun i Sráid na mBúistéirí bhí saghas páircíne ann, tobar fíor uisce, agus dhá nó trí botháin. Glaodhtaí "Margadh na mBethigheach", ar an bpáirc mar bhíodh aonach ann uaireanta. Lá roimh la an aonaigh ba ghnáthach le sean duine agus clog in a láimh aige gabháil timceall na h-áite agus labhairt amach go h-árd "Beidh na búistéirí ó Chorcaig annso i mbáireách."
Deir na seana daoine go mbíodh spiorad i bhfuirn coinín le feiscint ann agus an maistín madra ba dhána i gCionn t-Sáile ná thabharfadh sé aghaidh ar an gcoinín sin. Deir na seana daoine leis go mbíodh sluagh na marbh ag iomanuidheacht ann. Airightí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighidh Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí