Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)

Suíomh:
Cionn tSáile, Co. Chorcaí
Múinteoir:
An tSr. De Pazzi
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 024

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 024

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile
  2. XML Leathanach 024
  3. XML “Cros Brighde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An lá roimh Lá 'le Bhrigde tá sé de nós ag a lán de bhantracht na h-Éireann croisíní beaga tuighe do dheánamh agus do sháthadh fé dhíon an tíghe i n-onoír do "Mhuire na nGaedheal". Seo an sgéal a bhaineann leis an nós so. Nuair a bhí Brighid Naomhtha ag taisteal Iarthar na h-Eíreann le na mná riaghalta agus iad ag leathadh na críostaidheactha leo, thárla tráth gur rug an oidhche ortha agus chuadar ar seacrán slighe. Thugadar fé ndeara uatha solas, dheineadar air. Do bhuail Brighid ar an ndoras agus oscladh dí. Pagánaigh do bheadh muinntir an tighe, fear as a bhean, ní raibh le feiscint ach an bheirt. Chuir Brighid an úil dóibh an ponnc 'na raibh sí is do chuir sí eolas a bóthair ar an bhfear, má cuir fuair. Do thairg sé doch do Bhríghid agus dá lucht leanamhna. Níor mhaith le Brighid é do dhúiltadh. Chuaidh bean an phágánaigh fé deín an dighe. Nuair a thaínig sí thar nais is do Bhrighid do shín sí an cheád deoch. Do thóg sise an deoch uaithe ach in ionad í ól is amhlaidh do chrom sí síos agus do phioc aníos brobh luacrah do thom sí sa mbainne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Norá Ní Flanagaín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Faiche na Beairice, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Mrs Cooney
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann