Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)
- Suíomh:
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. De Pazzi
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Le h-ais roilige na marbh ar bharr Bán na Fúrta tá Tobar na Tríonóide. Os cionn na tiobraite sin tá stuagh bríce. Bhailigheadh na daoine 'na sluaighte ag tabhairt na turas ann ar Domhnac na Tríonóide gach bhliadhain. As so a thainig a ainm. I mbádaibh seadh a thagadh an lucht oilithreachta ó Dhun Cearma agus ó áiteannaibh eile fan an gcósta. Ach fáiríor géár le h-imtheacht aimsire ní fonn cráibteacht a bheireadh ann iad ach fonn spóirt go dtí sa deire gur dheineadhar dearmhadar ar fad beag nách, dena paidreacha. Bé a thoradh san gur chuir na sagairt stop leis an dturas ar fad.An teampall a thóg an chlann uasal "Barry Oge" cúpla slat óna gCaisleán Rinncorráin. Bhí sé ann go dtí an tráth úd 'na raibh an Gall ag creacadh agus ag sladadh ár dtír dutchais. Annsan do leagadh é. Agus sgathamh aimsire na dhiaidh sin (1670) nuair a bhíothas ag tógaint an Caisleáin as a chéile cun an Dún(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Criostína Ní Bhuachalla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Séamus Breathnach
- Inscne
- Fireann