Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)
- Suíomh:
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. De Pazzi
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I mBaile na Corra tá cómnuidhe orm. Tig cinn slinne atá againn agus ós cómhar an tighe tá tobar beannuighthe. Glaodhann daoine Tobar Ríog an Domhnaig air agus sé Tobar na Treacha a thugann tuille aca air. Tagann daoine ann roimh breacadh an lae agus beireann siad buidéal uisge abhaile leo. Fágann siad cuimhneachán éigin mar phingin nó leath phingin nó ceirt in a ndhiaidh. Sar a bhfágann siad an áit ghuidheann siad ann. Nuair a théigheann siad abhaile tugann siad an t-uisge dos na leanbhaí go mbíonn an truich ortha agus ní fada go mbíonn biseach ortha.
D'fhéadfhadh mo mháthair féin é sin do cruthú. Bhí an chlann go léir na luighe leis an dtruic. Cé go rabhamar i rochtaibh báis le tritheamh na treacha, ba mhór an feabhas a tháinig orainn taréis uisge an tobair sin d'ól dúinn. Tagann daoine ó cian is ó cómhghar ann, agus geallaim se dhuit nách turas in aisce(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Shíothchaín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Churraigh, Co. Chorcaí