Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 008
- XML “Scéal - Ní Bhíonn Íseal ná Uasal ná go mBíonn Thíos Seal is Thuas Seal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Duine uasal a bhí ann agus bhí sé ar bharra [?] in aghaidh an laé. Ní fheadar sé cad é an rud an donus mara bé an damhs é. Bhí an biadh a b'fheárr a bhí le fághail aige is an t-iasg ga ghile is ba dheighbhlasda.
Do ráinig go dtáinig sé de chor sa t-saoghal go raibh rith an chinn síos air. Ó lá go lá bhí se ag caill a chuda ag bochtanughadh is ag dul chun deirig. In dheire na dála ní raibh aige ach seana caoire dubh. Tháinig an Nodhlaig. Marbhuigheadh an caoire mar ní raibh aon fheóil eile acu. Shuig an duine chun an bhúird nuair bhí an feoil beirithe ach bhí sé cómh righin le gad ach mar sin féin chaith sé bheith sásta. Tréis an dinnéir dúbhairt sé is é go diombádhach.
"Nuair a theipeann an bradán geal agus an fiadh
Is maith an biadh an caoire dhubh"- Faisnéiseoir
- Seán Ua Céilleachoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí