Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghéarrr go rabhadar ag gábhail tímcheall ortha sa t-sheómra codhlata. Dúisígeadh an líon-tíghe go léir is thug Diarmuid strach-fheuchaint uaidh amach nuair bhí cuid de'n eagla throm curtha dhe aige, is muna bé go raibh a radharc curtha tré chéile air chonnaic sé an seómra follamh.
Bhí an chainnt is coisídheacht chómh gléineach san ag na bpúcaí gur bhéic na leanbhaí amach ag gol le h-eagla. Bhí a gcuid anáil chomh thromh san go raibh baoghal múchta ar mhúinntir a' tíghe is bhí an chainnt cómh h-árd is chómh tuigh go raibh aigne Dhiarmuida in aimhréid acu is a chroidhe ag preabarnaig le h-uathbhás, is an t-allus ag rith 'na sruthánaibh ar a bhreallach. Mheas sé lom díreach gur an chloch mhór a ghoid sé fé ndéarr teacht na bpúcaí is dhein sé suas a aigne d'á mairfheadh sé go maidin go gcuirfheadh sé thar nais na ionad féin é. D'fhan sé tamall mar sin ag tabhairt milleán do fhéin toisg gan éisteacht le Coinín na bPúcaí is bhí an uair a' chloig imtighthe go maith sar a tháinig aon t-shuaimhneas do na d'á mhúinntir. Annsan d'airígheadar imtheacht na bpúcaí díreach mar a bhuaileadar chúcha, le breachadh an laé ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ua Céilleachair
- Inscne
- Fireann