Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 029
- XML “An Lánúna Caoch”
- XML “Dathanna na gCapall”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- "Sé an t-each gléigeal nár thréig riamh allus a chroidhe
Is na léigeadh in aonchor spur greanta ar a thaoíbh
Díug éanlaithe na spéarach isteach ar a lúing
Nó ar thaobh chnoic lá gréine baint seaga don ghaoith"
…………………………..
"Sé an t-each dearg-dubh ná measaim é ach 'na phúca ar shliabh,
An laingire do tarringheamh go h-umhal a shrian,
Rug sé mar bhárr reatha leis o eachtannaibh na múmhan lastiar,
Ó Dhún Geanainn go Caiseal is go Cúm uí Bhriain"
…………………………..
Sé an t-each ruadh luaimneach lán-treórach,
Ná luascann bun-ruainne na bár feóithe,
Do chuala a thuairisg um thráthnóna gur luaithe é naoi nuaire ná na fáinleóga
…………………………..
Sé an t-each cíor-dubh na h-iarraidh greadadh le spuir,
Agus do stialladh sé srianta le seathaibh a chos,
Dúig na dhiaidh inthiar a fionna is a folt
Is do thughfhadh an fiadhach ón sliabh nuair a [?] na coin.(leanann ar an chéad leathanach eile)