Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 056

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 056

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 056
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí buachaill aimsire ag feirmeóir fadó agus do chaitheadh sé dul go dtí an roilig leis an gcapall agus seasam,h leis nuair bheadh gach aoinne 'na gcodhladh. Aon oidhche amháin nuair chuaidh sé isteach sa roilig d'airig sé fothram éigin agus tháinig eagla air is rith sé isteach i dtig fheirmeóra agus d'innis sé a sceul. D'airig seana-bhean a bhí sa chúinne é agus dubhairt sí leis dhá mbeadh sí féin ábalta ar shiubhal go raghfhadh sí go dtí an Roilig agus ná beadh aon eagla uirthi. Dúbhairt an buachaill léi go mbéarfhadh sé fein go dtí an roilig í agus go gcuirfheadh sé geall ná seasóchadh sé leis an gcapall an oidhche sin. Nuair bhíodar ag geata na roilige do airigheadh an glór istig á rádh an bhfuil sí ramhar. Labhairt an buachaill is dúbhairt
    "Seo dhuit í bhíodh sí ramhar no tanaidhe." le na línn sin chaith sé isteach i thar an geata. Luig sí is bhéic sí is léim sí amach thar an bhfalla agus rith sí abhaile i ndhiaidh an buachalla.
    "Nuair is cruaidh don caillig;
    Caitheann sí rith."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ua Duinnín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí