Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 061
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí madra aige. Leanfhadh an madra é ins gach uile ball. Maidean dá raibh sé ag dul chun an t-shéipéil lean an madra é. Ní fheaca sé an madra go dtí go raibh sé ag geata an t-shéipéil. Bhí eagla air annsan an madra a chur abhaile ar eagla go raghfhadh sé amú. Chuímhnig sé ar sheift. Tháinig sé ar a ghlúinibh taobh amuich de'n ndorus Gaibh an sagart treasa agus sheasaimh sé ar chosaibh an mhadra ach má dhein rug an madra air. Rug an sagart annsan ar cosaibh an madra is bhuail sé a cheann i gcoinnibh an bhfalla agus mhairbh sé é. Bhí Eóghain Ruadh sa t-séipéal chonnaic sé an obair go léir is labhair sé is dúbhairt.
"A dhaoine an anama is aistreach é do chúrsaí
Do chuaidh an maidin go dtí an t-Aifreann le h-úmhalaidheacht
A cheann go dainghean le Fhalla do dlúthaidh
Is ní bás gan sagart fuair do mhadra a Stúirín."- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Loingsig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí