Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 090
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean na gcómhnuidhe in iarthair Bhaile Mhúirne uair. An oidhche amháin tháinig fear bocht isteach chuca gus d'iarr sé lóistín na hoidhche ortha. Do thabharfadh fear an tighe lóistín do le lán croidhe ach bhí doitheal ag an mnaoi agus níor mhaith léi é leigint isteach. Sa deire dubhairt an fear go leigfeadh sé isteach é go maidean ar son Dé. Nuair a bhí sé ann dóibh dul a chodhladh do shocraigh an bhean leabaidh don bhfear mbocht agus sé an rud a chuir sí fé ná colg. Amach san oidhche do fuair fear an tighe teinneas na chlíathan agus d'eirig an duine bocht chuige. D'fhiafruigh sé air cad a bhí ag déanamh buaidreamh do ná cad fé ndeara an gearrán go lár. Dubhairt an fear go raibh teinneas na chlíathan. Annsan dubhairt an fear bocht go ndéanfadh sé fe2in é do leigheas agus sé na focail a dubhairt sé nuair a bhí sé ag déanamh an leighis ná:
Fear séimh ag mnaoi buirb
a chuir Mac Dé 'na luighe ar cholg
an té a bheannaigh an bhó sé bheannaigh an laogh.
Peadar is Pól nár mbeannúigheadh go léir."
Indiaidh an leighis bheith deanta do thuig an fear gur b'é Ár Slánuightheóir a bhí istig aige agus ó shoin a leith níor mhaith leis aoinne do chuir ón dtig.- Faisnéiseoir
- Bean Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí