School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 093

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 093

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 093
  3. XML “An Bhean Sí”
  4. XML “Leigheas do Phian”
  5. XML “Leigheas an Dúradáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an chapall fé'n dtrucaill is d'imthig sé air. Ar a shlíghe do ní fheaca sé aoinne ar an mbóthar agus ní raibh solus in aon tigh a bhfeaca sé. Bhí sé ag cuimhneamh annsan gurb' amhlaidh a bhí gach aoinne imthighthe ag bfhéidir go mbéadh sé déanach. Cuir sé an capall ar shodar annsan i dtreó ' s go mbeidh mór chuid de'n mbóthar curtha dhe aige sar a bhreacfhadh an lae. Nuair a shrois sé "Poll na Bró chonnaic sé le solus a lampa bean ag siubhal roimis agus dúbhairt sé leis féin annsan gur ag dul chun an aonaig a bhí sí agus go dtabharfhadh sé marcaidheaht di. Chuir sé an capall ar shodar airís ach dhá méid mireacht a raghfhadh sé bhí an bhean ag dul níos mire. Sa deire tháinig sé suas léi agus d'iarr sé uirthi marcuigheacht a thógaint. Fhreagair sí é is dúbhairt sí
    "Cuir do bhotar díot a dhuine
    Mar is fada uaimse Cúige Uladh
    Agus is gairid uainne glaodhach an choilig"
    Thuig an fear annsan gur púca í is go raibh sé ró luath mar ní raibh an coilleach t'réis glaodhach fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.