Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 110
- XML “Scéal”
- XML “An Gadaí Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ag fághail bháis fadó agus chuaidh fear éigin ag triall ar an sagart chun ola do chur air. Bhí an oidhche ag cur sheaca agus nuair ghlaoidh sé ar an sagart bhí sé ana leisgeamhail. D'iarraidh sé de'n fhear conus a bhí an oidhche amuich. Dubhairt an fear go raibh sé ag cáthadh sneachtaig. Dubhairt an sagartsneachta leathan libheógach,
Agus gaoth a dtuaidh i bhfuinneógaibh
Agus mo creach mar a bhí agam in aon pharóisdeD'fhreagair an fear é agus dubhairt
"Sneachta leathan libheógach,
Agus gaoth adthuaidh i bhfuinneógaibh,
Leighfidh san is imtheóchaodh sé
Agus is fada buan í an pharóisde"- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Mulláin
- Inscne
- Fireann
- An Gaduidhe Dubh a bhí ag goid riamh a bhí a teacht abhaile aon oidhche amháin tréis alán rudaí a ghoid agus bhí gach a ghoid sé ar a dhrom aige. D'airigh sé guth agus baineadh geit as. Sé adubhairt an guth ná "íocfhaidh íocfhaidh". Cé íocfhaidh arsan gaduidhe dubh. "Do chlann no clann do clainne" arsan guth. "Nach cuma liomsa níl aon bheann agam ortha" ar seisean. Le na linn sin d'oscail an talmh [?] do slogadh siar é
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Céilleachair
- Inscne
- Fireann