Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 117

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 117

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 117
  3. XML “Scéal”
  4. XML “An Cat Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí rígh ann fadó agus bhí sé i ngrádh le h-ingean phrionsa a bhí tamaillín uaidh is théigheadh sé go h-ana mhinic ag triall uirthi. Bhí fathach mór 'na chómnuidhe cómhgarach de'n Phrionsa agus caisleán mór aige - fuinneóg in aghaidh gach laé de'n bhliadhain ann agus bhí trí fichid dóirse ann agus níl aon dhoras díobh san ná go raibh cú nimhe d'á ghárdáil. Mar seo lá tháinig an fathach is mhairbh sé an prionnsa agus thug leis an inghean a agus chuir isteach i seómra í agus dúbhairt léi go gcaithfheadh sí é phósadh ciaca a thaitnfheadh sé léi no na taithnfheadh. Bhí sí ag gol annsan agus dúbhairt an fathach go loitfheadh gol a súile deasa.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0402: The Mouse (Cat, Frog, etc.) as Bride
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Thuama
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí