Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair dheigheadar go dtí an sagart agus cóisire mhór acu is sé an ceud rud d'éileamh an sagart ná dá phúnt as iad do phósadh. "b'fuil an páípéir agat ót' shagart paróisde a óanaig" ar seisean. "Tá" arsa Diarmuid is shín sé chuige a' meamramh. D'iompuig an sagart i leittaoíbh is léig sé an páípéir. Thug na daóine fé ndearra go raibh an sagart ag gáirí nuair bhí sé ghá léigh "Muise a Dhiarmuid" ar seisean "is dócha go raibh ana chion ag t'-sagart paróísde ort" "O mhuise go mhuise go deihin do bhí" arsa Diarmuid is ghoil sé gneas im dhiaidh nuair bhíómair ag fágaint slán ag á chéíle. "Deallramhuígheann an páipéir seo gur ghoil leis a Dhiarmuid" arsa an sagart "ar mhaith leat é léigh dhuit" "Ba mhaith" arsa Diarmuid. Léig an sagart an páípéir is seo mar a bhí sé."Diarmuid Deirneach o Chnoic an Earbill,Tá bean eile aige 's is máthair seiseir i,ach seo nídh deirm libh dhá bhfaigheadh sé an teidiol chuigeGo raghadh sé ag eiteallaig faoí dhéin duine eile acu."
Airiú nuair airig Diarmuid an méid sin léim sé as a chorp is rith sé amach an dorus agus níor stad sé do'n stáir go ndeaghaidh sé go h-Uíbh Ráthach is níor fhág sé é as san amach. Bhí an cailín ag fághail bháis le náire ach d'fonn bogradh dheunamh ar an sceul thug an sagart an dá phúnt di. Chaitheadar an feasda mór san oidhche agus b'é Eoghan Ruadh an fear grínn dob fheárr a bhí acu.- Faisnéiseoir
- Diarmuid A' Chotair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire na Sagart, Co. Chorcaí