School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 137
- XML “Eoghan Ruadh ag Spealadóireacht”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do's na folcadh dob fheárr agus do'n dáil is uaisle bhí,
Is sé an friotal seo atá ar an gclár i mbuaic do thíghe,
A thug mise ins an áit cé táim gan luach na díghe."
Le línn na cainnte sin d'Eóghain shín fear a tábhairne chuige a lámh. "O míle failthe rómhat" ar seisean "is tusa Eóghan Ruadh." Coimeád sé saor iad an oidhche sin agus ar maidin lár na mháireach scaoíl sé uaidh an fear eile ach choimeád sé Eóghan Ruadh ar feadh seachtmhaine ag seanachaideachth is ag cómhrádh is ag cumadh dánta. - Do bhí bean 'na cómhnuidhe ag Droichead na h-Ínse i gCíll Garbháin agus theastuig uaithe dul go dtí an t-aonach. Chuir sí fios ar a mháthair chun aire a thabhairt do'n tigh - chun na mbó do chrú agus an bainne a sgiomáil. Dhein sí obair an laé sa thigh agus d'imthigh sí um thráthnóna ag sgiomáil an bhainne Bhí tobán an uachtair istig in aonfhacht leis na céilírí. Thóg sí é agus bhí sí ag gábhail tímcheall léi thall is abhfus. Thug sí fé ndhearra leac fé thobán an uachtair. "Thiarcuis" ar sise "cad tá fé'n lic i lár an t-sheómra tógfad anáirde é féachaint ca tá ann nuair ná bhfuil aoinne istigh".
Shíl sí gan amhras gur próca óir a bhí ann(continues on next page)- Informant
- Tadhg Ua Mulláin
- Gender
- Male