School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 156
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí nós imeasg na ndaoine fadó in Éirinn sé sin go dtéighidís agus go dtógaidís creach. Ní raibh puínn airgid ins an am san a' gluaiseacht imeasg na ndaoine agus ní le h-airgead a dheinidís a ngnó ach le stoc . Is le beithidhigh a dheinidís a gcuid ceannaidheachta. Do mhalairtídís beithidhigh ar capaill, ar thalamh is ar nidhthibh eile. Annsan nuair a bhíodh cruadhtan no gátar ar dhaoine do bhailídís conghnamh fear le chéile agus théighdís isteach go dúthaigh éigin eile agus thugaidís creach sé sin do bhailídís na ba le chéile agus chomáinidís rómpa abhaile iad le fhorra agus annsan do roinnidísp eatortha féin iad. Uair éigin bhí ochtar de fhearaibh mhóra láidire i mbaile é
éigin in aice Beanntraighe - baile go nglaodhtar an Scairt uirthi. Gheibheadar I gcómhairle agus chuadar ó thuaidh go Chiarraidhe go baile go nglaodhtar Bórd O Níghean air agus thugadar creach.
Ins an Samhradh a thugadar í agus nuair a bhí sí bailighthe le chéile acu bhí sé déanach um tráthnóna. Bhíodar ag comáint na criche rómpa ar feadh na h-oidhche agus bhíodar a' déunamh ar an mbaile. Nuair d'airig muinntear Bórd O Níghean go raibh an creach fhuadaighthe dúbhradar go leanaidís í is go sáreochaidis í. Nuair d'airigheadar ná raibh ann ach ochtar fear dúbhradar ná cuiridís féin ach ochtar eile 'na diaidhthe chun í shárthú. Tháinig(continues on next page)- Informant
- Diarmuid A' Chotair
- Gender
- Male
- Address
- Doire na Sagart, Co. Cork