Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 161](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0329%2FCBES_0329_161.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 161
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do thuit sí ar an dtalamh. Tá sí ag fás riamh o shoin agus gan á coimeád le chéile ach an croiceann agus í ag cur bláth bán di mar a bhí riamh. Maidir leis an bfear a bhí a gearradh na scairne buaileadh breóidthe é agus bhí sé sa leabaidh ar feadh ceatair no chuig seachtmhaine. Deireadh daoine gur b'é gearradh na scairne fé ndeárr é. Nuair a bhíonn na daoine ag deunamh turais Gobantan téigeann siad chun an tobair beannuighthe chun uisge a bhreith leó. Deirtear ná beadh toradh an turais agat muna bfeicfeá breac istig i lár an tobair. Fadó do chómhnuigh muintir Protastúnaig in aice na haíte agus ní creidhfeadh sé san Naomh ná gur tobar beannuighthe é. Lá amháin do thug sé leis bucéad uisge ó'n dtobar is thug sé iarracht ar é bheiriú ach ní bheireóchadh an t-uisge in aon chor do.
Chaithfeá abha an t-Sulláin a chrosadh nuair a bheithfeá ag dul anonn go roilig Gobnatar. Tá sé ráidhte go mbaithfear duine ins an abhainn uair ins na seacht bliantaibh agus go ngaodánn an abha nuair a bhíonn an tréimse amuich i gcómhnuidhe is deireann sé:-
"Mise an t-Sullán fad fireann,
Anois a' t-am cá bfuil a' duine"