Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 163
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go raibh scó nidhthe iongantacha in Éirinn ins an t-seana shaoghal: go raibh cuid de's na nidhthibh go maith is cuid aca ana olc. Tá sé ráidhte in aimsir na págántachta no sar a dtáinig an Críosteamhlacht go raibh scó ual-piastaí móra ar fúd na tíre. Deir daoine go raibh draoidheacht ortha agus deir daoine eile ná raibh ach go rabhadar mór uathbhásach cuibhtheach agus go n-ithidís na daoine. Tá sé ráidhte nuair a tháinig Naomh Pádruig gur dhibirt sé na piastaí seo go léir. Deirtear go raibh piast acu in iartha Co Corcaighe agus ná raibh aon bhliain ná go sloigfheadh sí roinnt daoine. Bhí scannradh ar mhuinntir an bhaill roimpe agus nuair a fuaradar an ráfla mar gheall ar Naomh Pádruig is go raibh sé ag dhíbirt na bpiast chuadar faoi na dhéin agus ghearánadar an scéal leis.
D'iarradar air teacht agus í dhíbirt agus gheall sé dhóibh go dtugfhadh sé chómh luath agus do b'fhéidir leis é. I gcionn tamaill do tháinig sé agus stiúraidh na daoine é go dtí an áit 'na raibh an phiast agus tháinig Naomh Pádraig le na leabhar agus lé na bhata agus phrioc sé roimis amach í. Stiúraig sé siar tré Chlaodaig ì agus ó dheas go bun na Mangartan. Nuair tháinig sé go bun an chnuic ruagair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Diarmuid A' Chotair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire na Sagart, Co. Chorcaí