Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 295
- XML “Gaisce”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhí fear 'na chómhnuidhe ar na Fuithrí uair. Seán Mór Ó Luasa a b'ainim do. Do phós sé i n-aice Sráid an Mhuilinn. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile tháinig sé trí na Ceapacha. Bhí tarbh le Liam Ó Ailgheasa ar an slíghe roimis a bhí fógartha ar na seacht bpobail gan aoinne ghabháil chuige. Do rith an tarbh chuige chun é mharbhúghadh ach do rug sé ar adharca ar do thóg amach an sgian agus do tharraing a chuid fola.
Bhí triúr driothár ar na h-Ullánaibh. Liam Mór, Paid Mór agus Dómhnall Mór a b'ainim dóibh. Bhí páircín bhogaig acu agur theip ar na capaill í threabhadh. Tháinig beirt acu fé'n gcéachta agus duine acu ar na hannlaí agus threabhadar an pháircín.
Bhí hocstaer ar an Áthán. Paidí an Sprait ab'ainim do. Thagadh sé isteach tar-éis lá féir a bhaint. Líonadh sé ciseán ubh, bhuaileadh ar a dhrom é, agus bhíodh i gCorcaigh ar maidin. Thugadh sé an ciseán abhaile leis arís lán de earraí agus bhíodh sé sa bhaile roim dul fé do'n ghréin um thráthnóna.- Faisnéiseoir
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí