Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 305
- XML “Cailleacha”
- XML “Scéal - Seánach Séamuis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)glaodhach i gcómhnuide "hé pú-ú-ú-ú-ú." ach riamh níor ghlaoidhig sí ainm an duine. Do sheinneadh sí port
"Didil dí-dé dí dé dí
Didil dí de dí dom."
ach riamh níor sheinn sí an tarna taobh de'n port
Deirtear gur dhein dabine imirt éigine uipte agus go fhág sí an áit agus chuaidh sí go mullach Chúil-Aodha. D'aistrig sí an áit sin go corra an Tóchair. I gcionn tamall tháinig sé thar-n-ais do gtí an Doirín Gaibhleach arís. Thug sí na bliadhana ann. Bhíodh sí tréimhsí fad gan glaodhach i aon chor. Sa deire d'fhág sí an áit ar fad. - Uair éigin fadó na ciant aimsire ó soin nuair a bhíodh cómhtaláin ag buaichaillí agus ag cailíní gach aon tráthnóna Domhnaig ar feadh an tSamhraidh bhí gasra acu bailighthe ag cros bhóthar airighthe agus an ceól agus an rinnce ar siubhal go grianach agus gur gairid leó an tráthnóna. Dá bhféacfá orta buailfí isteach id' aigne ná feadair aoinne cad e an rud an donas murab é an damhas é bhí crot chómh sultmar sa orta.
Do ráinig bean-uasal 'na measg(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí