Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 310
- XML “Scéal - 'Fírinne Shearbh' Dúirt an Chloch”
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dar leis an leanbh atá annso ar mo mhuin,
Má ghoideas an mhuc nú má tá sí agam,
Seo hín, seo hó, a Dhiarmuid,
Seo hín, seo ho, a chiallaig,
Ach chómh beag leis an gcloich annsan, agus le na línn sin labhair cl [?]
"Fírinne shearbh," ar sise.
Bhí bean istig i dtig lá agus do bhí muc geartha agus do bhí sí ar crochadh. Tar éis imtheachta dí thug fear a' tíghe fé ndeara go raibh píosa féola imthighthe agus do rith sé an diaidh. Nuair do tháinig sé suas léithe dúbhairt sí an rann ata sgríbhte thuas. Sé an d'fhonn dá aindheóin i gceart é. .1. Aon rud a bheadh ar duine a dhéanamh go mór i gcoinnibh a thola.
Bean nú muc isroidhche. 1. Is mar a chéile an radharc do bheadh acu.
Seana bhróig smeartha nó sean-duine beártha. .1. Ní fhéuchfaidí ró ghrána.- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Muláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Muirneach Beag, Co. Chorcaí
- PiseógaDá mbeadh fear ag dul ag obair ar maidin agus gur b'é an céud rud a chasfaí air ná bean ruadh ní bheadh aon rath leis i gcaitheamh an lae sin.
Dá mbeadh feirmeóir ann agus go mbeadh a chuid ba agus capaill agus cearca agus rudaí mar sin ag fághail bháis air. Dá bhfaghadh sé smut de rud marbh agus é do chaitheamh isteach i dtalamh a chómharsainn d'imtheóchadh an mí rath go léir uaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Muláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Muirneach Beag, Co. Chorcaí