Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 314
- XML “Ceirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh fear ag gabháil tímcheall fadó ag bearradh géun' agus bheireadh sé leis an clúmh. Rónadóir a thugaidís air mar b'in é ainm na céirde a bhí aige.
Fadó do deintí gual do'n gabha as an móin sa phort. Is amhlaig a deintí poll mór sa phort agus cuirtí seacht nó ocht gcribeanna móna isteach ann, cloch móin is mó a cuirtí ann. Cuirtí teine sa mhóin annsan agus do clúdaítí an poll le carta i dtreó ná raghadh aon aer isteach ann. Ní bhíodh an mhóin ach leath dhóighte agus do dheineadh sé an adhbhar teine do'n ghabha sa cheárdchain.Lapaí coilig.Fadó ní dhíolaidís na coilig go dtí go mbídîs bliadhain nó bliadhain go leith d'aois. Chuireadh cuid de's na daoine lapaí fútha déunta de balcuis nó de phíosa leathair i dtreó ná déunfaidís domáiste sa gháirdín a bheadh i n-aice ' n tíghe.BearradóirBhíodh fear speisialta ag an Ridire chun bataí giúmhaise do bhíodh sa phort do bhaliú chuige. Bearradóir a thugaidís air. Is amhlaidh a bhíodh bior fada aige tímcheall deich dtroighthe ar fhaid. Théigheadh sé go dtí an port maidin drúchta agus do bheadh fhios aige cá mbeadh an bata sa phort mar ná beadh aon drúcht sa phaiste ó's cionn an bhata. Annsan do shádhthach sé an bior síos sa talamh féuchaint cad é an doimhneacht a bhí an bata fé'n dtalamh. Nuair a bhéadh an bata aimsighthe aige do leanadh sé air ag sáthadh féuchaint cad é an fhaid agus leithead(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Muláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Muirneach Beag, Co. Chorcaí