Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 317
- XML “Cailleacha”
- XML “Lios”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Tá lios thall i Réid na nDoirí agus do deineadh taidhreamh do dhuine do bhí na chómhnuidhe i n-aice an leasa go raibh próca óir istig ann. Chuaidh sé féin agus beirt fhear eile ag rómhar agus ag tómhach an leasa san oidhche agus nuair d'aimsígheadar an t-ór ní thógfadh aoinne acu amach é mar tá shé ráidhthe go bfaghadh an duine sin bás i gcíonn tamaill bhig. Annsan do fuareadar duine símplídhe chun an t-ór do thógaint amach mar cheapadar nárbh aon díobhbháil é sin d'fághail bháis. Do thóg an fear símplídhe an t-ór amach agus do fuair sé bás tímcheall mí na dhiaidh san agus do bhí an t-ór ag na daoine eile
- Ceist
Tá sé thoir tá sé thiar tá sé i ngáirdín Baile Átha Chliath, is mó a ghreim ná greim capaill agus ní itheann sé piuc na dhiaidh san.
Freagra
Speall.
Ceist
Ceathrar ag rith, ceathrar ag crith, beirt ag déanamh éóghluis a's mac uí ghiobalachán ag rith na ndiaidh:
Freagra
Bó ag rith(leanann ar an chéad leathanach eile)