Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 319
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mór go raibh ana chuid garraidhe aige. Bhí sagart paróiste cómhngarach do'n áit agus ní thugadh sé déirc, geim le n-ithe ná balcius éudaig d'aon duine bocht do thagadh chun an tíghe.
Do bhí seisear fear ag obair in aonfheacht le h-Éoghan agus nuair a bhí sé ag druideamhaint cómhngarach le h-am dínnéir do chuir duine des na fearaibh geall le h-Eóghan ná féudfadh sé dínnéar do bhainnt do'n Sagart. Chuir Eóghan an gealll leis go bféudfadh.
Chaith sé uaidh a rámhan agus súid fé dhéin tíghe an t-Sagairt é. Do bheannuig an Sagart do agus do bheannuig Eóghan don t-Sagart.
"Airiú a athair cad a dhéanfá le h-airgead dhá bfaighfeá ag dul amúghadh é" arsa Eóghan. "Tar isteach" arsa'n Sagart. Do chuaidh Eóghan isteach agus do shuidh sé síos. D'órduig an Sagart do'n chailín aimsire dínnéar d'ollmhúghadh d'Eóghan. Do bhí go maith agus nuair do bhí an dínnéar ollamh d'ith Eóghan a dhóthain. Nuair a bhí an biadh ithte agus é chun teacht thar nais arís dúbhairt an Sagart leis. "Anois a Eóghain cad mar gheall ar an airgead san a fuarais ag dul amúghadh." "Á a athair" arsa Éóghan, "ní bfuaras aon airgead ag dul amúghadh ach cad a dhéanfá le h-airgead dá bfaighfeá ag dul amúghadh é?" "Sgrois as mo radharc" arsa'n Sagart. Bhí an dinnéar agus an buadh agus do dhein sé bhéarsa annsan:-
Ceathrar Sagart gan bheith sanntach,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Muláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Muirneach Beag, Co. Chorcaí