Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seo ortha an leigfhidís di féin cleas d'imirt.
Deanfhaidmíd arsa gach aoinne d aon guth.
Thóg sí amach as a póca circín óir agus coilicín airgid agus chuir sí ar an mbórd iad. Thóg sí amach gráinín coirce agus chaith sí chúcha é, do thóg an circín é ach má dhein do bhuail an coilicín í agus do bhain sé di é agus d'ith sé féin é.
Á, arsan circín níor ceart duit-se é sin do dhéanamh liom-sa, an cuimhin leat an lá fadó go raibhais idiarraid an stábla do ghlanadh amach agus an snáthadh abhí ann ceillthe le céan blían d'fhághail, agus muna mbheadh gur deineas sa dhuit é bheadh do cheann ar an spiara ag an rí. Bhí ionghadh ar gach aoinne ach níor labhair aoinne. Thóg sí gráinne eile amach as a phóca agus chaith sí chúcha é, thóg an circín airís é ach má dhein do bhuail an coilicín í agus bhain sé di é agus d'ith sé féin é.
Á, arsan circín cana thaobh gur dheinis é sin, an cuimhin leat an lá fadó go rabhais ag bruach na locha i diarraidh é thaosghadh leis an ngallún agus tú ag lorg an fháinne óir agus muna mbheadh gur dheineasa dhuit é do bheadh sé thíar ort. Nuair d'airig an búacaill é sin dubhairt an buacaill leó go léir dul amach gur bí seo a caillín féin agus b'éigin dóibh go léir dul amach ach an buachaill agus an caillín annsan do pósadh an bheirt- Faisnéiseoir
- Beití Uí Dhuinnín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire an Chuilinn, Co. Chorcaí