Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 332
- XML “Tithe”
- XML “Seanamhráin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)I gcuid des na tighthe bíodh an teine i lár an úrláir a dtreó is go bhfeadfadh na daoine suidhe tímcheall uirthe. Ins an chuid eile is amhlaidh a bhíodh falla treasna a tighe agus seómra ar leath amháin agus an cistin sa leath eile. Bhíodh an teine i gcoinnibh an fhalla san. Ní bíodh ach doras amháin i ngach tig agus fuinneóg nú dhó.
Seanamhráin
“Lá as me ag taisteal liom féinig”
Lá as me ag taisteal liom féinig
Thar bharra Cgúil-Aodha as mé ag rith
'Seadh chúala allagat béithe
A chuir iongnadh 'gus éacht orm
Mná tíghe ag casadh le chéile
'S sméarta bhí a mbéal le fuil
'S iad ag casadh le chéile
Conas a roinnfidís féin an mhin
II
As d'réir mar thuigeas-sa féinig
'Sí beití bhí doarta sa choir
A's mo chómhairle dá ndeineadh sí féinig
Go gcéasfadh sí inchinn beithe acu
As ba mhó an damant d'aoinne
A chuid beatha go léir do ghoid
As mo thruagh-sa bathas na béithe
Do gearradh le faobhgar a choit.
III
Do ghluais a' caise go h-éasga
Go n-abraimíd féin an fhuil(leanann ar an chéad leathanach eile)